Cosaint teanga

Tabharfaidh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a chéad óráid i dTuaisceart Éireann Dé Máirt ag 2 p.m

Tabharfaidh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a chéad óráid i dTuaisceart Éireann Dé Máirt ag 2 p.m. in áras an Edge, Bóthar Bhruach an Lagáin, Béal Feirste.

Labhróidh sé ar "Ag cosaint na Gaeilge". Is é an grúpa Pobal atá ag eagrú na hócáide. Eolas: 048-90438132 nó eolas@pobal.org